Seachtain na Gaeilge
Tá Seachtain na Gaeilge faoi lánseoil i Meánscoil an Chroí Naofa. D’eagraigh Coiste na Gaeilge Céilí sa GPR don chéad bhliain agus don chúigiú bliain. D’fhoghlaim na scoláirí na rincí; Fallaí Luimnigh, Ionsaí na hInse, Droichead Áth Luain agus ar ndóigh An Dreoilín don chraic!
Tráthnóna den scoth a bhí ann gan amhras ar bith. Tuilleadh le teacht do Sheachtain na Gaeilge!