News

Nuachtlitir Gaeilge le 4.2

Nuachtlitir Gaeilge le 4.2    

Eolaí Óg

Bhí comórtas Eolaí Óg ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliath ón 9ú lá go dtí an 12ú lá d’Eanáir. Ghlac cúig ghrúpa agus beirt múinteoirí - Ms. Holland agus Ms. Galvin - ó Mhéanscoil an Chroí Naofa páirt san ócáid seo.

Bhí an t-ádh ar dhá ghrúpa ó Mhéanscoil an Chroí Naofa. Bhuaigh ‘Fear-Free Foraging’ le Hannah Rafferty, Alice Sexton agus Aibhín Ruddy duais taispeántais. Comhghairdeas leo. Tugadh ardmholadh do ‘Who Cares about the Carer?’ le hAoife O’Sullivan, Sinéad Coleman agus Sinéad Coomey ar son a n-iarrachtaí.

Who Cares about the Carer.png.jpg

Ar an gcéad lá, tháinig Uachtarán na hÉireann go dtí an searmanas oscailte. Thug sé oráid inspioráideach don slua agus cuireadh tús maith don comórtas.

Eagraítear siamsaíocht i rith an cúpla lá san RDS do na daltaí go léir. Ba thaithí speisialta í an comórtas seo. Bhain gach duine taitneamh as an ócáid!!!!

Fear free Foraging.png




Craobh na Mumhan sa Chamógaíocht:

Dé Sathairn 19ú Eanáir, bhuaigh Méanscoil Chroí Naofa cluiche ceannais na Mumhan sa chamógaíocht i gcoinne St. Mary’s ó Mhainistir na Corann. B’é an scór ná 1-10 go dtí dhá chúl.

D’imir gach imreoir ar an bhfoireann go crua chun an bua sin a fháil. Tá siad ag dul ar aghaidh go dtí an cluiche leathcheannais i mí Feabhra. Gabhaimid buíochas le Mr. Mulcahy agus Mr. Daly agas an fhoireann ar fad! Ádh mór do na cailíní i mí Feabhra!!

Daire agus an trófaí.jpg


Foireann Díospóireachta

Ar an 21ú Eanáir, ghlac triúr cailíní ón scoil páirt i gComórtas Díospóireachta an Phiarsaigh. Chuaigh Sinéad Ní Mhurchú, Maeve Ní Shúilleabháin agus Ciara Ní Bhrádaigh ón dara bliain in iomaíocht i Maigh Chromtha. Bhí siad ar son an rúin go bhfuil an bhliain scoile ró-ghearr. Nach deacair é sin! Faraor, níl siad ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile. Ach rinne said iarracht iontach agus tá an scoil an-bhródúil astu. Maith sibh a chailíní!

Foireann Díospóireachta.jpg


Dancing with the Stars:

Bíonn gach teaghlach in Éirinn ag féachaint ar ‘Dancing with the Stars’ ar RTÉ One gach Domhnach.  Thosaigh sé ar an 6ú Eanáir 2019, agus is iad Jennifer Zamparelli agus Nicky Byrne láithreoirí an tseó.

Faraor, chuaigh Holly Carpenter abhaile ar an Domhnach. Rinne Holly agus a comhpháirtí Trent an ‘foxtrot’ le ‘Beauty and the Beast’. Fuair siad 16 phointe óna moltóirí. Ach cé a rachaidh abhaile an tseachtain seo chugainn. Bí ag féachaint air!!!

Dancing with the Stars.jpg







Brendan WalshComment